History

Stair an Chlub  

 

 

 

 Imríodh peil Ghaelach I gCeanntar Iorrais ó thus an chéid seo chaite. Níor chláraigh Béal an Mhuirthead leis an mBord Chontae go dtí 1936 agus chuir siad tús leis an gCraobh Shoisir. Bhí imreoirí ó na bailte fearainn uilig í cheantair Iorrais ann. Bhuaigh siad craobh Tuaisceart Mhuigheo agus d'éirigh leo áit a fháil i gcluiche cheannais an chontae i gcoinne Cathair na Mart ach faraor ní raibh an bua acu ar an lá sin. 
'Agus an suíomh seo á fhorbairt, tá imreoir amháin ón bhfoireann sin, fós beo. Sé sin tabhairneoir áitiúil Micheál Mac Domhnaill. Is cuimhin leis go raibh sár-imreoirí ar an bhfoireann,le neart agus scilleanna dochreidte. D'imir sé le Seán agus Prionsias Mac Riocaird, Pádraig ó Conaill, Seán Mac Fhionnáin, Séamas Mac Einrí, Micheál ó Cabhail, Micheál ó Nuadháin, Liam Breathnach agus Antaine Mac Domhnaill.
Ocht mbliaina ina dhiaidh sin i 1944 bhuaigh an chlub an chéad craobh Shoisir i gcoinne Muraisc. I gcuideachta le foireann 1936 bhí na himreoirí seo , Seán ó Muineacháin, Pádraig ó Duinín, Micheál ó Gallachóir, Andrias Corrduibh agus Einrí ó Gacháin.
Ghoill an imirce go mór ar cheantar Iorrais le linn na caogaidí agus go háirithe ar an bpeil. Tharla athbheochan arís sa chlub le teacht an tAthaIr Uinsíonn Ó Móra go paróiste na Cille Móire. Bhuaigh an chlub chomórtas Tuaisceart Mhuigheo sna blianta 1953 agus 1954. Ón bhfoireann seo tháinig ár gcéad imreoirí a d'imir ar son an chontae; Seán Ó Raghallaigh ( ar dheis Dé go raibh a anam dhilís) ar foireann shinsir Mhaigh Eo, Eamon Bairéad ar foireann shoisir Mhaigh Eo, Deasúin ó Catháin ar foireann mionúir Mhaigh Eo. Bhí na deartháireacha Séamus agus Dáibhéid Ó Cofaigh, Antaine ó hEireamhóin, Micheál Mac Annaidh, Micheál Ó Diaghaidh, Caoimhín Ó hEineacháin, Padraig Mac Meanman, Seán Ó Dochtaraigh, P Ó hUiginn, Séan Mac Cárthaigh, Áistín De Bhaildrún, Séamus Rutherford agus tosaí beag scilliúil darb ainm Eamon Ó Seibhlín ag imirt ar an bhfoireann cáiliúil seo i 1953-1954. Bhí ról lárnach ag Eammon sa chlub ó shin ar aghaidh. Chaith sé ceatharacha cúig bliain mar imreoir, roghneoir, oifigeach agus staraí an chlub. Bhí siopa ag Eammon ar an bpríomh sráid agus ba é sin ceannceathrú an chlub. Ba ghnáth an rud é cur agus cúiteamh faoi roghnaithe foirne a bheith ann domhnach 'is dálach.


Latest Video view all

02/09/2015
Mayo Gaa Elverys Add

Calendar Of Events

Club Lotto

Notice Board